Is McDowell taking the piss?

The Irish Times reports that Minister for Justice Michael McDowell presented the Criminal Justice (Mutual Assistance) Bill 2005 to the Seanad as Gaeilge. You can read his speech on the Oireachtas website here. If, like me, your cupla focal means you can’t make head nor tail of what he is saying, then you are with the majority of people who live in Ireland.

The Irish Times notes:

In presenting the Bill to the Seanad, Minister for Justice Michael McDowell delivered his speech in Irish, though he did circulate a copy of it in English to senators.

Denying that Mr McDowell had tried to hoodwink senators on the Bill’s contents, his Progressive Democrat colleague, Senator John Minihan, said: “Is somebody seriously trying to argue that we would not pay attention to it because it was in Irish?”

However, the decision by the Minister to speak in Irish is unusual, though he has been known to do so on occasion during Seanad contributions. “Most people would be more inclined, even if they could not speak Irish, to pay more attention to it in Irish. People should really give us some credit,” Mr Minihan said.

Under the legislation, other EU states will be able to apply to the Minister for Justice for permission to set up intercepts on people living in the Republic, while the State will equally be able to seek co-operation from other countries.

However, EU states, including Ireland, will be able to act in other jurisdictions without permission if they are trying “to prevent an immediate and serious threat to public security”.

On the substantive issue, I don’t think it’s a good idea. Why all these intrusions?

Could any Irish-speaking bloggers go to the effort of translating this?

The text is after the jump.

Ta áthas orm a bheith os bhur gcomhair anseo inniu chun an Bille urn Cheartas Coiriuil (Cúnamh Frithpháirteach) 2005, ar togra suntasach reachtuil e, a thiolacadh. Tugann an Bille éifeacht do sheacht n-ionstraim idirnáisiúnta a fhorbraíonn an creat reachtúil atá cheana ann i ndáil le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a sholáthar, ag a dhéanann forlíonadh air. Tá Cuid VII den Acht urn Cheartas Coiriúil, 1994, a dhéileáIann le comhar idirnáisiúnta i gcomhthéacs cúnaimh dhlíthiúil fhrithpháirtigh, á haisghairm agus tá a cuid téarmaí á hathachtú maille le leasuithe agus breisithe chun an taithí oibríochtúil atá faighte le deich mbliana anuas nó mar sin a chur san áireamh agus chun na forálacha sna hionstraimí a dtugtar éifeacht dóibh leis an mBille a chur san áireamh.

Ar an gcéad duI síos, is dócha gur chóir dom a insint cad a bhíonn i gceist le cúnamh frithpháirteach i gdeachtas. Go simplí, cuireann sé ar chumas stát amháin, laistigh dá dhlínse féin, seirbhís a sholáthar do stát eile maidir le riaradh an cheartais sa stát eile sin. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh an cineál cúnaimh le nithe ar nós imscrúdú a dhéanamh ar choiriúlacht thromchúiseach idirnáisiúnta, lena n-áirítear fianaise a bhailiú le húsáid thar lear nó doiciméid a bhíonn eisithe ag údarás breithiúnach a sheirbheáil.

Is iad na seacht n-ionstraim a dtabharfaidh an Bille seo éifeacht dóibh: an Coinbhinsiún ar Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh a rinneadh sa Bhruiséil an 29 Bealtaine 2000, a dhéanann forbairt agus nuachóiriú ar na foráIacha láithreacha a rialaíonn cúnamh frithpháirteach idir Ballstáit an AE, agus an Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a rinneadh i Lucsamburg an 16 Deireadh Fomhair 2001; an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua, arb é sin an triú ionstraim; Creat-Chinneadh Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 22 Iúil 2003 maidir le horduithe a chalcann maoin nó fianaise a thorghníomhú san Aontas Eorpach, an ceathrú ionstraim atá de réir théarmaíi an Bhille; an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach ar Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla, a dhéanann feabhsú agus forlíonadh ar fhoráIacha Choinbhinsiúin Chomhairle na hEorpa 1959 ar Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla; na forálacha is gá chun éifeacht a thabhairt d’Airteagail 49 agus 51 den Choinbhinsiún a síníodh i Schengen an 19 Meitheamh 1990, ag feidhmiú Chomhaontú Schengen den 14 Meitheamh 1985, agus, ar deireadh; gnéithe de chúnamh dlíthiúil frithpháiteach an Chinnidh ón gComhairle maidir le síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stait Aontaithe Mheiriceá ar Eiseachadadh agus ar Chúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach, a rinneadh sa Bhruiséil an 6 Meitheamh 2003.

Díreoidh mé ar an mBille féin anois. Sainmhíníonn Cuid 1, a chuimsionn ailt 1 go dti 10, na príomhthéarmaí atá sa Bhille agus leagann amach na srianta a bhainfidh le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a sholáthar. Diúltófar cúnamh dlíthiúil frithpháirteach i gcás go bhféadfadh cúnamh den sórt sin do char a dhéanamh do cheannasacht, do shlándáil no do leasanna eile an Stáit, nó i gcás go mbíonn cúiseanna ann lena chreidiúint go ndeamadh an t-iarratas chun géarleanúint a dhéanamh ar dhuine ar chúiseanna a bhaineann le gnéas, creideamh, cine, náisiúntacht, bunadh eitneach, tuairim pholaitíochta nó gnéaschlaonadh. Diúltófar iarratas freisin más dealraitheach go bhféadfadh sé gurb é an toradh a bheadh ar chúnamh a sholáthar ná go mbeadh duine faoi réir ag céastóireacht nó go sárofaí an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Tugann Alt 5 éifeacht dhíreach d’ Airteagail 4 agus 6 de Choinbhinsiún 2000 agus d’ Airteagail 4 agus 8 den Dara Prótacal Breise. Leagann na hAirteagail sin síos an fhoirmiúlacht agus na nósanna imeachta atá le leanúint nuair a bhíonn iarratais á dtarchur agus á bhforghníomhú agus déileálann siad freisin le bealaí cumarsáaide. Foráiltear freisin sa Chuid sea do stáit a ainmniú chun críocha an Achta agus d’Údarás Lárnach a ainmniú sa Stát. Tugtar éifeacht le halt d’Airteagal 7 de Choinbhinsiun 2000 agus d’Airteagal 11 den Dara Prótacal Breise, a dhéileálann le malartú spontáineach faisnéise ar ábhair choiriúla gan gá iarratas a bheith faighte roimh ré. Aisghairmeann Alt 10 foralácha liostaithe Achtanna eile.

Tugann Ailt 11 go dtí 20, a chomhdhéanann Cuid 2 den Bhille, an bonn chun déileáil le hiarratais ar fhaisnéis airgeadais chun críocha imscrúdaithe coiriúil, lena n-áirítear faireachán ar chuntais bhainc agus faisnéis a fháil ar chuntais den sórt sin. Tugann an Chuid seo éifeacht d’fhoralacha Phrótacal 2001 agus cuireann sé ar chumas na hÉireann éifeacht a thabhairt d’Airteagal 4 de Chomhaontu an Aontais Eorpaigh -Stáit Aontaithe Mheiriceá ar chúnamh dlíthiúil ftithpháirteach, a dhéileáIann le faisnéis bhainc a shainaithint.

Ta na nósanna imeachta maidir le hordú faisnéise cuntais nó faireacháin cuntais a fháil leagtha amach in Alt 12. Is breitheamh den Chúirt Dúiche amháin a fhéadfaidh ordú den sórt sin a dhéanamh, agus caithfidh sé no sí a bheith deimhin de go bhfuil cion déanta nó go bhfuil sócmhainní ag an duine lena mbaineann a tháinig as iompar cóiriúil, agus go bhfuil cúiseanna réasúnacha ann lena chreidiúint go bhfuil faisnéis ag foras airgeadais sonraithe ata de dhíth san imscrúdú.

Foráiltear sa chuid seo freisin go bhféadfaidh Éire faisnéis a iarraidh ar idirbheartaíochta baincéireachta ó stát eile.

Foráiltear in ailt 14 go dtí 16 go bhféadfar iarratas a fhail ó stát eile maidir le faisnéis ar idirbheartaíochta airgeadais. Ar iarratas den sort sin a fháil, féadfaidh an tAire a údarú go ndéanfaí iarratas chuig breitheamh ar ordú faisnéise cuntais nó faireacháin cuntais. Tá na nósanna imeachta ata le leanúint agus an fhaisnéis a bheidh riachtanach chun ordú den sórt sin a dhéanamh leagtha amach in alt 16. Forálann an chuid seo freisin do tharchur faisnéise chuig an stát iarrthach agus gur cion é gan ordú faisnéise cuntais no faireacháin cuntais a chomhlíonadh.

Baineann Cuid 3, ailt 21 go dtí 28, le tascradh teachtaireachtaí teileachumarsáide idir ballstáit an Aontais Eorpaigh chun críocha imscrúdaithe chóiriúil, dá bhforáiltear in Airteagail 17 go dtí 22 de Choinbhinsiún 2000.

Tá na hailt atá ag baint le tascradh sa Bhille teicniúil agus sách casta, agus ní fhéadfaí sin a sheachaint. Déanfaidh me mo dhícheall príomh-fhorálacha na coda seo a leagan amach chomh simplí agus is féidir. Leagann alt 22 den Bhille amach an t-imthosca a bhféadfaidh Éire cúnamh a iarraidh ó bhallstát eile maidir le teachtaireachtaí teileachumarsáide a thascradh. Ní fhéadfar iarraidh den sort sin a dhéanamh ach amhain sa chás go mbíonn údarú tugtha ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí don tascradh faoin Acht um Post-Phaicéid agus Teachtaireachtaí Teileachumarsáide a Thascradh (Rialaí) 1993. Caithfidh na daoine a bhfuil a dteachtaireachtaí le tascradh a bheith in Éirinn no i mballstát, agus caithfidh go mbeidh gá le cúnamh teicniúil ballstáit chun an tascradh a dhéanamh. Tá an fhaisnéis a bheidh le tarchur nuair a bhíonn iarratas a dhéanamh leagtha amach freisin. Chomh maith leis sin, forálann an chuid seo go bhféadfaidh Éire iarratais ar thascradh a fháil ó bhallstáit eile in gcásanna airithe agus leagtar amach na nósanna imeachta a bheidh le leanúint nuair a fhaightear iarratais den sort sin.

Foráiltear le halt 24, inter alia, ma bhíonn an duine a bhfuil a theachtaireachtaí no a teachtaireachtaí le tascradh go fisiciúil sa Stát, nach bhféadfaidh an tAire tascradh a údarú de bhua iarratais ó bhallstát ach amháin i gcás gur cion tromchúiseach a bheadh san iompar atá faoi imscrúdú de réir bhrí an Achta urn Phost-Phaicéid agus Teachtaireachtaí Teileachumarsáide a Thascradh (Rialaí), 1993 agus go mbeadh údar maith leis an údarú tascartha a dhéanamh. Leagann an t-alt amach freisin coinníollacha a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm agus déileálann le tarchur teachtaireachtaí chuig stát iarrthach.

Baineann ailt 25 agus 26 den chuid seo le tascradh i gcas nach mbíonn cúnamh teicniúil ballstáit eile de dhíth chun an tascradh a dhéanamh. I gcás go mbíonn tascradh údaraithe ag an Aire, go mbíonn seoladh teileachumarsáide an duine i mballstát eile agus nach mbíonn cúnamh an stáit sin de dhíth chun tascradh a dhéanamh, forálann alt 25 go gcuirfidh an tAire in iúl don bhallstát go bhfuil an duine lena mbaineann i gcríoch an bhallstáit sin. Féadfaidh an ballstát toiliú leis an tascradh no gan toiliú leis. Féadfar leanúint den tascradh fad a bhíonn an cinneadh sin a dhéanamh, ach ní fhéadfar aon fhaisnéis a fhaightear on tascradh sula mbíonn toiliú tugtha a úsáid mura mbíonn sin comhaontaithe leis an mballstát eile no chun bagairt thromchúiseach láithreach do shlándáil phoiblí a chosc.

Feidhmíonn alt 26 na forálacha ceanna don chás nach mbíonn ar gcúnamh de dhíth ar bhallstát eile chun teachtaireachtaí a thascradh, ach go mbíonn seoladh teileachumarsáide an duine lena mbaineann sa Stát seo. Sna himthosca sin, cuirfear an tAire ar an eolas agus caithfidh sé no sí cinneadh a dhéanamh an gceadófar an tascradh nó nach gceadófar. Foráiltear leis an alt seo nach gceadófaí tascradh dá mba rod é nach mbeadh sé indéanta é a dhéanamh i gcomhthéacs baile den sort céanna.

Cuireann alt 27 oibleagáid ar ghnóthas údaraithe – i bhfocail eile, cuideachta teileachumarsáide no soláthraí seirbhíse – tascradh a éascú i gcás go mbíonn an duine sa Stát, go mbíonn údaraí tugtha don tascradh ach nach féidir na teachtaireachtaí a thascradh go díreach sa Stát. In imthosca den sórt sin, más féidir leis an soláthraí teileachumarsáide rochtain a fháil ar an trealamh i mballstát eile chun tascradh a éascú, déanfaidh sé é. Más rud é go mbíonn an trealamh ag soláthraí teileachumarsáide chun tascradh a éascú, go mbíonn an duine lena mbaineann i mballstát eile agus nach féidir na teachtaireachtaí a thascradh go díreach on stát sin, ach gur féidir leis an soláthraí teileachumarsáide anseo cabhrú leis an stát sin sa tascradh, ansin beidh ar an soláthraí an tascradh a éascú. Leasaíonn alt 28 an tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide 1983 trí shocrú a dhéanamh d’fhíneálacha as neamhchomhlíonadh.

Tugann Cuid 4, a chomhdhéanann ailt 29 go dtí 38, éifeacht do théarmaí chreat-chinneadh na Comhairle i ndáil le horduithe a chalcann maoin no fianaise a fhorghníomhú san AE. Leagann alt 30 amach na nósanna imeachta a gcaithfear cloí leo nuair a bhíonn ordú á dhéanamh chun scriosadh, diúscairt no aistriú maoine a d’fheadfadh a bheith ina fhianaise in imscrúdú coiriúil a bhíonn ar siúl a chosc. Tugann ailt 31 agus 32 éifeacht d’Airteagal 4 agus 9 den chreat-chinneadh. Forálann alt 31 d’ordú calctha agus don deimhniú caighdeánach dá bhforáiltear faoi Airteagal 9 den chreat-chinneadh a bheidh le haistriú chuig ballstát chun forghníomhú a dhéanamh agus leagann sé amach na nósanna imeachta chun sin a dhéanamh. Leagann alt 32 amach na forálacha i gcomhair ordaithe calctha agus deimhniú a tharchur chuig Éirinn ó stáit eile.

Ta na nósanna imeachta atá le leanúint nuair a fhaighimid iarratas den sórt sin agus na forálacha chun ordú calctha comhair a dhéanamh ag an Ard-Chúirt chun an t-ordú seachtrach a fhorghníomhú leagtha amach in alt 33. Déileálann an chuid eile den Chuid seo leis an achar ama a fhéadfaidh ordú calctha comhair a bheidh i bhfeidhm, a éagsúlú agus a fhoirceannadh, leasú no iarchur, agus na coinníollacha faoina bhféadfar diúltú d’ordú calctha comhair a dhéanamh. Tugtar éifeacht in alt 38 d’Airteagal 10 den Chreat-Chinneadh, ina ndéileáiltear leis an tslí a gcaitear le maoin chalctha.

Déileálann Cuid 5, comhdhéanta d’ Ailt 39 go dtí 45, le horduithe do choigistiú agus d’fhorghéilleadh maoine. Faoi alt 40, féadfaidh Éire iarratas a dhéanamh chuig stát ainmnithe ar mhaoin a choigistiú má bhíonn ordu coigistíochta déanta anseo. Foráiltear le hailt 41 agus 42 do stát ainmnithe ordú coigistíochta a tharchur chuig an Stát seo, agus d’ordú coigisitíochta comhair a dheanamh chun an t-ordú seachtrach a fhorghníomhú. Ni fhéadfar ordú coigistíochta comhair a dhéanamh ach amháin de bhua iarratais chun na hArd-Chúirte agus caithfidh an tAire toiliú le hiarratas den sort sin. Foráiltear freisin d’aon duine a éilíonn go bhfuil leas aige no aici sa mhaoin uiríll a dhéanamh rnaidir leis an gcúis nar chóir an t-ordú coigistíochta a dhéanarnh.

DéileáIann Ailt 43 go dti 45 le horduithe forghéillte, sa stát ainmnithe agus anseo. Leagtar síos an fhaisnéis ata riachtanach nuair a chuireann stát eile ordú forghéillte anseo, rnaille leis na nósanna irneachta ata le leanúint i bhforghniomhu ordú forghéillte seachtrach. Arís, féadfar iarratas ar ordú forghéillte comhair a dheanamh, le toiliú an Aire, chun na hArd-Chúirte. Ta foráil déanta d’aon duine a éilíonn go bhfuil leas aige no aici sa mhaoin uiríll a dhéanamh agus tá foráil déanta do dhiúscairt na rnaoine chun tairbhe an Státchiste ó bhíonn ordú forghéillte comhair forghníomhaithe. Tugann an Chuid seo na forálacha d’orduithe coigistíochta agus forghéillte san Acht um Cheartas Coiriuil 1994 cothrorn le dáta.

DéileáIann Cuid 6 den Bhille, a chuimsíonn ailt 46 go dtí 64, le fianaise a thógáil. Ta alt 47 bunaithe ar fhorálacha in alt 52 den Acht um Cheartas Coiriuil 1994 agus leagann sé amach nósanna imeachta maidir le ráiteas fianaise a fháil ó dhuine i stát ainmnithe le húsáid in imeachtai coiriúla.

Foráiltear le halt 48 den Bhille – bunaithe ar alt 51 den Acht um Cheartas Coiriuil 1994 – d’fhianaise a thógail ar iarratas ó fhinné anseo agus a úsaid in imeachtai coiriúla thar lear. DéileáIann an chuid seo freisin le pribhléid finnéithe agus leagann sé síos go soiléir nach féidir iallach a chur ar dhuine fianaise a thabhairt chun cabhrú le cás coiriúil thar lear más rud e nach bhféadfaí iallach a chur air no uirthi fianaise a thabhairt in imscrúduithe coiriúla anseo no sa stát lena rnbaineann. Ma sheastar le héileamh ar phribhléid, ni fhéadfar aon fhianaise a bhíonn tógtha ó dhuine a chur chuig an stát iarrthach.

DéileáIann Ailt 50 agus 51 le priosúnaigh a aistriú go hÉirinn agus a aistriú ó Éirinn chun críocha fianaise a thabhairt nó chun cabhrú le himscrúduithe coiriúla. Tá na foráIacha sin bunaithe cuid mhaith ar na foráIacha in ailt 53 agus 54 den Acht um Cheartas Coiriuil 1994. Tá siad leasaithe chun Airteagal 9 de Choinbhinsiún 2000 agus Airteagal 13 den Dara Prótacal Breise a chur san áireamh.

ForáIann Ailt 52 go dti 57 d’fhianaise a thabhairt trí nasc teilifíse no teileafóin. Tugann siad éifeacht d’ Airteagaill 10 agus 11 de Choinbhinsiún 2000 agus d’fhoráIacha den sórt céanna in Airteagail 9 agus 10 den Dara Prótacal Breise. Faoi alt 52, i gcás go rnbíonn finné i stát ainmnithe agus nach inmhianta go dtabharfadh an finné fianaise i bpearsa anseo in Éirinn, nó nach féidir leis an bhfinné sin a dhéanamh, féadfaidh breitheamh litir iarratais go dtabharfadh an duine fianaise trí nasc teilifíse a eisiúint. ForáIann Ailt 53 go dti 55 d’iarratas a dhéanamh sa Stát seo ar fhinné fianaise a thabhairt thar lear trí nasc teilifíse agus foráiltear don Aire a iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Dúiche breitheamh a ainmniú chun an finné a thoghairm le freastal chun críocha fianaise a thabhairt. Leagann Alt 55 amach an nós imeachta chun fianaise a thogáil agus foráIann, i rneasc rudai eile, go gcaithfear an fhianaise a thabhairt de réir dhlíthe an stáit iarrthaigh a mhéid go bhfuil siad i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha an dlí sa tír seo. Féadfar an fhianaise a thógail go priobháideach freisin. ForáIann Ailt 56 agus 57 d’iarraidh a dhéanamh ar fhinné atá sa Stát seo fianaise a thabhairt le teileafón in imeachtai coiriúla i dtír eile agus leagtar síos leo na nósanna imeachta atá le leanúint.

Déileálann Cuid 6 le nósanna imeachta maidir le cuardach a dhéanamh i gcomhair fianaise agus foráIann do stát eile iarraidh a dhéanamh ar fhianaise. Tá na foraIácha bunaithe ar Ailt 52 agus 55 den Acht um Cheartas Coiriuil 1994. DéileáIann Alt 59 le hiarratais ó stáit eile ar fhianaise a fháil le húsaid anseo in imeachtaí no imscrúduithe coiriula sa stát iarrthach. Ni fhéadfar déileáil le hiarratais den sórt sin ach amháin nuair a bhíonn cumhacht cuardaigh ann faoin dlí baile don chion a bhíonn i gceist. Bíonn cuardach fianaise de bhua iarratais den sórt sin teoranta do chásanna lenar féidir pionós de phríosúnacht sé mhí ar a laghad a ghearradh as an gcion sin faoin dlí atá againn agus faoi dhlí an stáit iarrthaigh nó cásanna gur féidir príosúnacht sé mhí ar a laghad a ghearradh as an gcion faoi dhlí na hÉireann agus go bhfuil na cásanna sin a n-ionschúiseamh sa stát iarrthach ag údaráis riaracháin a bhféadfadh imeachtaí coiriúla teacht as a gcinneadh. Tá na nósanna imeachta atá le leanúint nuair a fhaightear iarratas ar fhianaise leagtha amach in Ailt 59 agus 60, faoi mar atá na ceanglais a chaithfear a chomhlíonadh chun go bhféadfaidh breitheamh barántas cuardaigh baile a eisiúint chun an t-iarratas a fhorghníomhú.

Leagann Caibidil 2 de Chuid 6 den Acht síos na forálacha a bhaineann le fianaise ceannachta a fháil le húsáid laistigh agus lasmuigh den Stát. Leagann Alt 64 amach na nósanna imeachta atá le leanúint nuair a fhaightear iarratas chun fianaise ceannachta a fháil agus foráIann nach bhféadfar fianaise ceannachta a thógáil ó dhuine ach amháin le toiliú an duine sin mura ndán is go mbíonn an fhianaise sin i seilbh na ngardaí cheana fein. Is dochtúir amháin a fhéadfaidh dlúthshamplaí colainne a thógáil, agus is dochtúir no fiaclóir amháin a fhéadfaidh múnla déadach a thógáil. Foráiltear freisin do scriosadh a dhéanamh ar fhianaise ceannachta.

Tá an Chuid seo curtha isteach ar iarratas ó Oifig an Ard-Aighne tar éis cás cúirte nuair, mar gheall ar bhearna dhlíthiúil, nach raibh ar chumas an Stáit cabhrú le stát eile i ndáil le fianaise ceannachta a sholáthar. Leathnaíonn an Chuid seo an fhoráil dhlíthiúil maidir le cineálacha fianaise ceannachta a thógáil chun foráIacha dlíthiúla na hÉireann i gcásanna den sórt sin a bheith ar aon dul leo sin i stáit eile.

Clúdaíonn Cuid 7 – Ailt 65 go dtí 76 – na nósanna imeachta maidir le doiciméid a sheirbheáil laistigh den Stát agus lasmuigh den Stát, agus forálann do mhaoin a aiseag don úinéir ceart. Déileálann Ailt 65 agus 67 le seirbheáil doiciméad, agus tá siad bunaithe ar Ailt 49 agus 50 den Acht um Cheartas Coiriúil 1994. Tá siad leasaithe chun éifeacht a thabhairt d’Airteagal 5 de Choinbhinsiún 2000 agus d’Airteagal 16 den Dara Protacal Breise. ForáIann na hAilt seo go bhféadfar doiciméid arna n-eisiúint ag cúirt sa tír seo i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla a sheirbheáil ar dhuine a bhíonn i stát eile agus go bhféadfar doiciméid den sórt céanna ó stát eile a sheirbheáil ar dhuine sa tír seo. Is é an príomhathrú ar na foráIacha atá cheana ann ná socrú a dhéanamh do sheirbheáil leis an bpost.

Déileálann Caibidil 2 den Chuid seo – Ailt 68 go dti 72 – le maoin ghoidte a aiseag, ag tabhairt éifeachta d’Airteagal 8 de Choinbhinsiún 2000 agus d’Airteagal 12 den Dara Protacal Breise. Ceadaíonn an Chaibidil seo ordú a dhéanamh sa Stát seo maidir le maoin atá suite i stát eile a aiseag. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh stát eile a iarraidh ar Éirinn maoin sa Stát a fuarthas trí ghnóthai coiriúla a chur faoi láimh an údarais iarrthaigh. Tá na nósanna imeachta atá le leanúint ar iarratas a fháil leagtha amach freisin. Tar éis iarratas ar aiseag a fháil, féadfaidh an Chúirt Dúiche ordú a dhéanamh go dtabharfaí an mhaoin lena mbaineann ar láimh do na gardaí. Foráiltear freisin do dhuine a éilíonn go bhfuil leas aige no aici sa mhaoin uirill a dhéanamh maidir leis an gcúis nár chóir aiseag a dhéanamh.

Forálann Caibidil 3 de Chuid 7 den Bhille do sheachadadh rialaithe chun críocha imscrúdaithe choiriúil, agus tugann éifeacht d’Airteagal12 de Choinbhinsiún 2000 agus d’Airteagal 18 den Dara Protacal Breise. Foráiltear d’iarratas a dhéanamh chuig stát ainmnithe chun cead a thabhairt seachadadh rialaithe a dhéanamh sa stát sin, agus foráiltear do dhaoine sainithe, lena n-airítear comhaltaí den Gharda Síochána agus oifigigh chustaim agus mail, páirt a ghlacadh i seachadadh rialaithe.

Féadfaidh stáit eile a iarraidh freisin go ndéanfaí seachadadh rialaithe anseo agus go mbeadh daoine on stát sin páirteach ann. Ní dhéanfar aon seachadadh rialaithe sa tír seo, áfach, ach amháin faoi rialú díreach an Gharda Síochána no oifigeach custaim agus mail de réir mar is cuí.

Tugann Cuid 8 den Bhille – Ailt 77 agus 78 – éifeacht do Chonradh na hÉireann agus na Stát Aontaithe ar chúnamh fríthpháirteach, arna leasú ag Comhaontú an Aontais Eorpaigh-na Stát Aontaithe i ndáil le cúnamh fríthpháirteach.

DéileáIann Cuid 9 – Ailt 79 go dti 88 – le réimse ceisteanna ilghnéitheacha. Leasaítear Alt 9 den Acht urn Cheartas Coiriúil (Foirne Comhphairteachta um Imscrudu) 2004 chun go bhféadfaidh rannpháirtithe ó stáit eile a bhíonn ainmnithe chun críocha cúnaimh fhríthpháirtigh a bheith páirteach i bhfoirne comhpháirteachta um imscrudú sa tír seo i gcás go gcomhaontaíonn údarás inniúil na tíre a bhunaigh an fhoireann amhlaidh le hÉirinn. Cuirfidh an leasú seo deireadh leis an riachtanas orduithe a dhéanamh agus a chur os comhair an Oireachtais gach uair a dtagann an cheist seo aníos maidir le foireann comhphairteacha um imscrudú ar leithligh. Ba chóir dom a rá freisin nach n-athróidh an leasú ról na rannpháirtithe i bhfoirne den sórt sin ar aon slí, ar ról é go príomhá atá beartaithe a bheith ina ról tacaíochta nó comhairleach mura ndán is go gcomhaontaíonn na stáit a bhunaíonn an fhoireann a mhalairt. Tá foráIacha ilghnéitheacha eile ann ar nós, inter alia, foráil do phíonóis i gcas nochtadh a dhéanfadh dochar d’imscrudú, foráil do dhliteanas oifigigh chomhlachta chorpraithe agus foráIacha cosanta sonraí.

Cabhróidh an reachtaíocht seo le feabhas a chur ar fhoráIacha do chúnamh fríthpháirteach, agus foráIfar do chomhoibriú níos leithne agus níos éifeachtaí i gcomhrac na coiriúlachta trasnáisiúnta. Beidh na cumhachtaí méadaithe do chúnamh fríthpháirteach dá bhforáiltear anseo úsáideach chun coirpigh a bhrath agus chun coirpigh a ionchúiseamh. Is píosa bunriachtanach reachtaíochta í i saol nach dtugann lucht coiriúlachta aird ar theorainneacha.

Cuirim an Bille faoi chúram an Tí, agus táim ag tnúth le tuairimí na Seanadóirí air a chloisteáil.

2 Responses to “Is McDowell taking the piss?”

  1. Fiona says:

    To the best of my knowledge this isn’t the first time he’s done this to try to prevent people from questioning him!!

  2. OK, here goes:

    “I’m happy to …

    …. Yaaaaaaaawwwwwwwwwwwn …

    Sorry Gavin – I know the substantive issue is important, but now I know why they put Oireachtas Report on at bedtime. ;-)